An Staidéar Reatha

An Teaghlach
Staidéar reatha an choiste

Is in Airteagal 41 a dhéanann Bunreacht na hÉireann a phríomhfhorálacha i ndáil leis an teaghlach. Tá dlúthcheangal ag Airteagal 42, a dhéileálann leis an oideachas, leis agus rinne na cúirteanna é a fhorléiriú mar Airteagal ina bhfuil, in Airteagal 42.5, ráthaíocht ar chearta leanaí a théann níos faide ná an t-oideachas. Chomh maith leis sin, baineann Airteagal 40.3 le hábhar mar gur glacadh le cearta linbh a shaolaítear do thuismitheoirí neamhphósta mar chearta pearsanta a chosnaítear leis.

Deir Airteagal 41:

1  1°Admhaíonn an Stát gurb é an Teaghlach is buíon-aonad príomha bunaidh don chomhdhaonnacht de réir nádúir, agus gur foras morálta é ag a bhfuil cearta doshannta dochloíte is ársa agus is airde ná aon reacht daonna.

  2°Ós é an Teaghlach is fotha riachtanach don ord chomhdhaonnach agus ós éigeantach é do leas an Náisiúin agus an Stáit, ráthaíonn an Stát comhshuíomh agus údarás an Teaghlaigh a chaomhnú.

2  1° Go sonrach, admhaíonn an Stát go dtugann an bhean don Stát, trína saol sa teaghlach, cúnamh nach bhféadfaí leas an phobail a ghnóthú dá éagmais.

  2° Uime sin, féachfaidh an Stát lena chur in áirithe nach mbeidh ar mháithreacha clainne, de dheasca uireasa, dul le saothar agus faillí a thabhairt dá chionn sin ina ndualgais sa teaghlach.

3  1° Ós ar an bPósadh atá an Teaghlach bunaithe gabhann an Stát air féin coimirce faoi leith a dhéanamh ar ord an phósta agus é a chosaint ar ionsaí.

  2° Féadfaidh Cúirt a bheidh ainmnithe le dlí scaoileadh a thabhairt sa chás, ach sa chás amháin, gur deimhin léi ­

i. go raibh, ar dháta thionscnamh na n-imeachtaí, tréimhse ceithre bliana ar a laghad, nó tréimhsí ceithre bliana ar a laghad san iomlán, caite ag na céilí ina gcónaí ar leithligh óna chéile le linn na gcúig bliana roimhe sin,

ii. nach bhfuil ionchas réasúnach ar bith ann go mbeidh comhréiteach idir na céilí,

iii. go bhfuil cibé socrú ann, nó go ndéantar cibé socrú, is dóigh leis an gCúirt a bheith cuí ag féachaint do na himthosca, le haghaidh na gcéilí, le haghaidh aon leanaí le ceachtar acu nó leis an mbeirt acu agus le haghaidh aon duine eile a bheidh forordaithe le dlí, agus

iv. go gcomhlíontar aon choinníollacha breise a bheidh fororduithe le dlí.

  3°I gcás pósadh duine ar bith a scaoileadh faoi dhlí shibhialta aon Stáit eile agus an pósadh sin, agus bail dlí air, a bheith ann fós faoin dlí a bheas i bhfeidhm in alt na huaire taobh istigh de dhlínse an Rialtais agus na Parlaiminte a bhunaítear leis an mBunreacht seo, ní fhéadfaidh an duine sin pósadh ar a mbeidh bail dlí a dhéanamh taobh istigh den dlínse sin fad is beo don duine eile a bhí sa chuing phósta a scaoileadh amhlaidh.

Deir Airteagal 42:

1 Admhaíonn an Stát gurb é an Teaghlach is múinteoir príomha dúchasach don leanbh, agus ráthaíonn gan cur isteach ar cheart doshannta ná ar dhualgas doshannta tuistí chun oideachas de réir a n-acmhainne a chur ar fáil dá gclainn i gcúrsaí creidimh, moráltachta, intleachta, coirp agus comhdhaonnachta.

2 Tig le tuistí an t-oideachas sin a chur ar fáil dá gclainn ag baile nó i scoileanna príobháideacha nó i scoileanna a admhaítear nó a bhunaítear ag an Stát.

3  1° Ní cead don Stát a chur d’fhiacha ar thuistí, in aghaidh a gcoinsiasa nó a rogha dleathaí, a gclann a chur ar scoileanna a bhunaítear ag an Stát nó ar aon chineál áirithe scoile a ainmnítear ag an Stát.

  2° Ach ós é an Stát caomhnóir leasa an phobail ní foláir dó, toisc cor an lae, é a dhéanamh éigeantach minimum áirithe oideachais a thabhairt do na leanaí i gcúrsaí moráltachta, intleachta agus comhdhaonnachta.

4 Ní foláir don Stát socrú a dhéanamh chun bunoideachas a bheith ar fáil in aisce, agus iarracht a dhéanamh chun cabhrú go réasúnta agus chun cur le tionscnamh oideachais idir phríobháideach agus cumannta agus, nuair is riachtanas chun leasa an phobail é, áiseanna nó fundúireachtaí eile oideachais a chur ar fáil, ag féachaint go cuí, áfach, do chearta tuistí, go mór mór maidir le múnlú na haigne i gcúrsaí creidimh is moráltachta.

5 I gcásanna neamhchoitianta nuair a tharlaíonn, ar chúiseanna corpartha nó ar chúiseanna morálta, nach ndéanaid na tuistí a ndualgais dá gclainn, ní foláir don Stát, ós é an Stát caomhnóir leasa an phobail, iarracht a dhéanamh le beart oiriúnach chun ionad na dtuistí a ghlacadh, ag féachaint go cuí i gcónaí, áfach, do chearta nádúrtha dochloíte an linbh.

Deir Airteagal 40.3.1°:

   1° Ráthaíonn an Stát gan cur isteach lena dhlíthe ar chearta pearsanta aon saoránaigh, agus ráthaíonn fós na cearta sin a chosaint is a shuíomh lena dhlíthe sa mhéid gur féidir é.

Tar éis achtú an Bhunreachta, forbraíodh reachtaíocht maidir leis an teaghlach faoi réir na nAirteagal sin agus tá sí soiléirithe ag na cúirteanna i gcorpas substaintiúil cásdlí.

Tá Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht, a bhfuil de chúram air an Bunreacht a athbhreithniú ina iomláine, i mbun na nAirteagal seo a scrúdú faoi láthair, le féachaint cé chom maith is a fhónann siad do leas an duine aonair agus an phobail, d’fhonn cinneadh a dhéanamh an gcothódh athruithe orthu cothromaíocht níos fearr idir an dís sin.

Chun é féin a chur ar an eolas oiread agus is féidir,thug an Coiste cuireadh do dhaoine aonair agus do ghrúpaí aighneachtaí i scríbhinn a chur chuige faoi 31 Eanáir 2005 ar aon ghnéithe dlíthiúla an teaghlaigh ba chás leo. Luaigh an coiste mar shamplaí díobh seo na nithe seo leanas, ach ní liosta cuimsitheach é:

• conas ba cheart sainmhíniú a dhéanamh ar an teaghlach?

• conas ba cheart do dhuine an chothromaíocht a bhaint amach idir cearta an teaghlaigh mar aonad agus cearta ball aonair?

• an féidir cosaint bhunreachtúil a thabhairt do theaghlaigh seachas teaghlaigh atá bunaithe ar an bpósadh?

• ar cheart cead a thabhairt do chúplaí aeracha pósadh?

• an tagairt sheanaimseartha, ar cheart í a athrú, atá sa tagairt sa Bhunreacht do shaol na mná ‘sa teaghlach’?

• ar cheart go mbeadh cosaint shainráite bhunreachtúil ag cearta máthar nádúrtha?

• cad iad na cearta ba cheart a bheith ag athair nádúrtha, agus conas ba cheart iad a chosaint?

• ar cheart cosaint bhunreachtúil leathnaithe a thabhairt do chearta an linbh?

• an gá an Bunreacht a athrú ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh?

De dheasca chastacht na saincheisteanna, reáchtáil an coiste cur i láthair ó bhéal ó ghrúpaí ionadaíocha agus saineolaithe sa réimse in Aibreán 2005.

Tá scríbhinní de na héisteachtaí ó bhéal le fáil ach cliceáil anseo

Is de chúram an choiste é anailís a dhéanamh ar na saincheisteanna lena chinneadh ar chuir nó nár chuir an Bunreacht srian le socrú reachtach ionas gur cuireadh cosc ar chothromaíocht cheart a bhaint amach idir cearta an duine aonair agus leas an phobail; agus má chuir, moltaí a dhéanamh i leith athraithe ar an mBunreacht.

Luaitear an Tuarascáil ón nGrúpa Athbhreithnithe ar an mBunreacht (1996) mar acmhainn i dtéarmaí tagartha an choiste. Tá an chaibidil as an tuarascáil sin ina ndéileáiltear leis an teaghlach curtha san áireamh anseo.

Caibidil ón Tuarascáil ón nGrúpa Athbhreithnithe ar an mBunreacht