Bunreacht na hÉireann

I bpobalbhreith a glacadh an 1 Iúil 1937 d’achtaigh an pobal Bunreacht nua, Bunreacht na hÉireann, chun ionad Bhunreacht Shaorstát Éireann, 1922, a ghlacadh.

Cé go ndearna Dáil Éireann Bunreacht 1922 a fhormheas, bhí slua substaintiúil daoine ar fud na tíre i gcónaí a bhí i bhfreasúra leis de dheasca go raibh sé teoranta ag téarmaí an Chonartha, de dheasca an aitheantais ann do mhonarc na Breataine mar chuid den reachtas náisiúnta agus de dheasca an cheanglais ann go ndéanfadh comhaltaí an Oireachtais móid dílseachta a thabhairt don mhonarc sin.

Cuid mhór den chás ar son Bunreachta nua ba ea an gá a bhí lena dhéanamh iomlán soiléir gurb iad muintir na hÉireann an fhoinse údaráis in Éirinn agus foinse bhundlí an stáit. Dá bhrí sin, deirtear sa Bhrollach le Bunreacht na hÉireann: 'Ar mbeith dúinne, muintir na hÉireann, ... [a]táimid leis seo ag gabháil an Bhunreachta seo chugainn, agus á achtú agus á thíolacadh dúinn féin'. Bhí fonn ar dhaoine saintréithe uile poblachta a thabhairt don stát (agus, mar sin, baineadh amach gach tagairt do mhonarc na Breataine).

Dhealraigh sé, freisin, go raibh fonn ar dhaoine go neartófaí nó go ndaingneofaí cearta an tsaoránaigh os coinne an stáit. Do b'fhéidir Bunreacht Shaorstát Éireann a leasú le hacht den Oireachtas amháin, gan dul i muinín an phobail i reifreann.

Glacadh leis an togra chun Bunreacht na hÉireann a ghlacadh le 685,105 vóta ina fhabhar in aghaidh 526,945 vóta ina choinne, is é sin, móramh 158,160.

Íoslódáil PDF de Bhunreacht na hÉireann ina iomláine.

Íoslódáil Leagan RTF (MS WordCompatible) de Bhunreacht na hÉireann ina iomláine.