Ag Leasú an Bhunreachta

Foráiltear le hAirteagal 46 den Bhunreacht gur cead foráil ar bith den Bhunreacht a leasú, le hathrú nó le breisiú nó le haisghairm. Foráiltear leis, freisin, nach foláir gach togra chun an Bunreacht a leasú a thionscnamh i nDáil Éireann ina Bhille. Nuair a ritear é, nó nuair a mheastar é a bheith rite, ag dhá Theach an Oireachtais, cuirtear an Bille faoi bhreith an phobail le reifreann.

Mar sin, cuireann an Bunreacht an dualgas ar chomhaltaí an Oireachtais, agus go háirithe ar Theachtaí Dála, maidir le tograí a fhoirmliú chun an Bunreacht a leasú.

Tugann sé cumhacht crosta sna nithe seo don phobal i dtaca lena bhfuil rite ag Tithe an Oireachtais. Foráiltear leis an mBunreacht gur trí thromlach simplí a chuirfeadh an pobal in iúl an dtoilíonn siad nó nach dtoilíonn siad le togra chun an Bunreacht a leasú.

Foráiltear leis an mBunreacht, freisin, go ndéanfadh an tOireachtas reachtaíocht a tharraingt suas ina sonrófaí na socruithe chun reifreann a stiúradh de réir an Bhunreachta. Eascraíonn Achtanna an Reifrinn 1994, 1998 agus 2001 as an bhforáil sin.

Leasuithe

Mhol Tithe an Oireachtais an Bunreacht a leasú tríocha uair. Rinneadh an chéad dá leasú faoi fholáil shealadach Airteagal 51.1, a cheadaigh don Oireachtas athruithe bunreachtúla a dhéanamh go ceann suas le trí bliana ó dháta oirnithe an chéad Uachtaráin, trí Bhille a rith agus a thíolacadh lena shíniú ag an Uachtarán.

Rinne an chéad leasú (1939) socrú maidir le staid phráinne ‘chun slándáil an phobail a chur in áirithe agus chun an Stát a chaomhnú in aimsir chogaidh nó ceannairce faoi arm’, trí Airteagal 28.3.3o a athrú. Olltogra a bhí sa dara leasú (1941), inar cuimsíodh réimse Airteagal éagsúil, agus arbh é ba chuspóir dó slacht a chur ar an mBunreacht i bhfianaise na taithí ó achtaíodh é.

De na hocht dtogra is fiche a cuireadh faoi bhráid an phobail, cheadaigh an pobal togra is fiche díobh. Bhain siad leis na nithe seo a leanas:

• Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, 1972

• an aois vótála, 1972

• ionad speisialta na hEaglaise Caitlicí agus aitheantas do chreidimh shonraithe eile, 1972

• uchtáil, 1979

• ionadaíocht ollscoile sa Seanad, 1979

• ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha, 1983

• vótaí do náisiúnaigh neamh-Éireannacha i dtoghcháin Dála, 1984

• an Ionstraim Eorpach Aonair, 1987

• an tAontas Eorpach (Conradh Maastricht), 1992

• an ceart chun taisteal, 1992

• an ceart chun faisnéise, 1992

• pósadh a scaoileadh, 1996

• bannaí, 1996/p>

• rúndacht na comh-aireachta, 1997

• an tAontas Eorpach (Conradh Amstardam), 1998

• an Comhaontú Ilpháirtí, Béal Feirste, 1998

• rialtas áitiúil, 1999

• pionós an bháis, 2001

• an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, 2001

• an tAontas Eorpach (Conradh Nice), 2002

• Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1956, a leasú